Home   Croí Éanna   Don Léitheoireacht   Scéal na dtrí chomhairle

Scéal na dtrí chomhairle

Bhí fear bocht fadó ina chónaí ag Cluan Choscartha, agus chaill sé a mheabhair le huireasa agus le trioblóid agus le mór-ainnise, ag féachaint ar a leanaí óga agus a máthair in uireasa agus in mí-ádh. Dh’imigh sé leis ó thuaidh ar fad go Dún na nGall, agus thriall sé go dtí tigh duine uasail san oíche, ag lorg iostas na hoíche agus greim le n-ithe. Fuair sé iostas na hoíche agus a dhaothaint le n-ithe. Bhí sé féin agus an duine uasal ag cur síos dá chéile cois na tine. Ar maidin theaingigh sé leis an duine uasal, agus dh’fhiarthaigh sé dhe an ndéanfadh sé margadh seacht mbliana leis. Dhein sé margadh seacht mbliana leis, agus i gcúrsa na seacht mbliana níor chuimhnigh sé go raibh tigh ná áit, bean ná leanbh aige.
Nuair a bhí na seacht mbliana caite aige, is ea rioth sé leis go raibh bean agus leanaí i gCluan Choscartha aige, agus go raghadh sé ag féachaint ar mhaireadar.
“Thá go maith,” adúirt an maighistir; “cé acu is fearr leat pá do sheacht mbliana anois nó trí chomhairle?”
“Neosaidh mé é sin ar maidin duit nuair a bheidh mé ag imeacht.”
Nuair a chuaigh sé do chodladh dhein bean an tí cáca, agus chuir sí pá sheacht mbliana isteach ins an cháca. Nuair a dh’éirigh sé ar maidin chuaigh sé isteach, agus dh’fhiarthaigh an duine uasal dhe, “Cé acu b’fhearr leat anois pá do sheacht mbliana nó na trí chomhairle?”
“Is fearr liom na trí chomhairle,” dúirt sé.
Thug sé dhó na trí chomhairle. An chéad chomhairle, gan codladh go deo in aon tigh a mbeadh cailín óg pósta le seanduine; an tara comhairle, gan aon chosán cóngar a dhéanamh ins an oíche; agus an trígiú comhairle, gan aord a dhéanamh inniubh go mbeadh sé ina chathú amáireach.
Thug bean an tí an cáca dho ar choinníollacha ná hosclódh sé an cáca go deo go n-osclódh sé ar a bhord féin é sa mbaile.
Dh’imigh sé leis chun bóthair ansan gur tháinig an oíche déanach air, agus chnuc sé solas uaidh, agus thriall sé ar an solas. Bhuail sé ag an doras, agus dh’iarr sé iostas na hoíche agus greim le n-ithe, agus fuair sé iostas na hoíche agus a dhóthaint le n-ithe.
Bhí fear aosta ina shuí ar chathaoir ag an tine, agus, mar a shíl sé, cailín óg ag fáil a shuipéir dó. Nuair a bhí a shuipéar ite aige ghabh sé baochas chailín óig léithe. “Go raibh maith agat, a chailín óig,” adúirt sé.
“Sin í mo bheansa,” adúirt an seanduine ag an tine. Dh’ordaigh an seanduine ansan leaba a dh’fháilt i gcóir dó ina leithéid sin do sheamra (ag beartú ar an seamra), agus nuair a chuaigh sé isteach sa seamra chun dul a chodladh, is ea chuimhnigh sé ar an gcéad chomhairle. Dh’ardaigh sé in airde an fhuinneog, agus chuaigh sé amach san eathla. Bhíodh stálacha ins na heathlaíontaí a mbíodh cocaí agus stácaí déanta in airde orthu. Chuaigh sé isteach faoi bhonn an choca chun an oíche a chaitheamh ann.
Agus an t-am mharbh d’oíche, tháinig buachaill óg agus bhuail sé a dhrom suas leis an gcoca. Ba ghairid gur tháinig an cailín, agus bhuail sí a drom suas leis an gcoca in fhochair an bhuachaill óig. “Anocht an oíche chun é a mharú,” arsa sí. “Thá strainséir sa tigh agus gheobhaimíd a mhilleán a chur ar madin air.” Nuair a dh’airigh sé seo an chainnt a bhí ar siúl acu, chuir sé a láimh amach agus bheir sé ar íochtar a chasóige air, agus, go deas ciúin, ghearraigh sé píosa beag amach as íochtar a chasóige. Dh’imíodar ansan, agus nuair a tháinig an dónaing, dh’imigh sé seo ag triall ar Chluan Choscartha.
Is d’oíche darná mháireach, chuaigh sé go dtí tigh ósta a bhí ar an mbóthar roimhe faoi dhéin deoch, agus bhíodar á dh’áireamh tigh an ósta go raibh an seanduine marbh. Bhí cúigear fear tigh an ósta agus bhí a ndaothaint ólta acu, agus dh’fhiarthaíodar de cá raibh sé ag dul, agus nis sé dhóibh cá raibh sé ag dul. Bhí cosán cóngar ag triall ar thigh an ósta, agus dúraíodarsan leis go bhfaghadh sé trí mhíle cóngair a dhéanamh má raghadh sé leothu. Bhí cabhas ar an sruth, agus nuair a bhí sé ina sheasamh ar an gcabhas is ea chuimhnigh sé ar an tara comhairle, agus dh’iompaigh sé thar n-ais.
Is d’oíche darná mháireach, chuaigh sé faoi dhéin deoch go dtí tigh ósta eile a bhí ar a shlí abhaile, agus ba chlos chluas dó ansan gur mharaíodh ceann den chúigear ag gabhailt an cosán cóngair an oíche sin. Dh’imigh sé leis arís, agus ní raibh aon stad eile air go chuaigh sé go dtína bhaile dúchais.
Bhí a mhuintir ina gcodladh, agus bhuail sé ag an doras, agus an mac ba shine a bhí aige, dh’oscail sé an doras dó. Agus nuair a chnuic6 sé an fear mór agus féasóg air ag oscailt an dorais dó, shíl sé gur fear eile a bhí i bhfochair na mná. Tháinig éad agus formad air, agus rug sé ar bhata a bhí ag an doras, agus bhí sé chun é a bhualadh leis an mbata nuair a chuimhnigh sé ar an trígiú comhairle. Dh’éirigh a bhean, agus bhí meidhir mhór agus áthas uirthi é a dh’fheiscint arís, agus dhein sí suipéar. Nuair a ghearraigh sí an cáca, bhí pá sheacht mbliana istigh ins an cháca.
Ar maidin darná mháireach, gabhadh ar an leaba é, agus thugadh ó thuaidh go Dún na nGall é ar a thriáil. Nuair a bhíodh á dhaoradh, chuir sé a láimh ina phóca, agus shín sé an píosa beag éadaigh go dtí an mbreitheamh. “Pé buachaill óg a tháinig go dtí an choca an oíche sin in fhochair na mná, ghearraigh mise an píosa san amach as a chasóig,” arsa sé. Chuadh ar an ród, agus fuaireadh an buachaill óg agus a chasóig, agus shaor san an fear bocht ón chroch. Tháinig sé thar n-ais abhaile go Cluan Choscartha, agus dh’fhan sé ann go bhfuair sé a bharántas ón mbás, agus nuair a fuair, chaith sé freagairt.